Eolas Faoin Bád Farantóireachta

Tá Bád Farantóireacht Árainn Mhór ag cur seirbhís ar fáil idir Ailt an Chorráin agus Árainn Mhór le breis agus tríocha bliain anuas. Tá teastas ón Roinn Suirbhé Mara ag na báid agus tá siad connaite go han-mhaith againn.

Ní ghlacann an turas ach cúig nóimead déag nó mar sin. Is féidir le paisinéirí na radharcanna áille a fheiceáil agus muid ag dul thar cúpla oileán beag eile ar ár mbealach go hÁrainn Mhór. Feicimid rónta, éin agus deilfeanna go minic fósta.

Foireann

Tá ár bhfoireann lán-cháilithe agus bíonn siad i gconaí ag iarraidh cuidiú le custaiméirí, le chinntiú a dhéanamh go mbíonn turas sábháilte, compordach agus taitneamhach acu.

Ticéid

Is féidir na ticéid a cheannach anseo ar líne, san oifig ag cé Ailt an Chorráin, nó ar bord na mbád. I rith an tsamhraidh, molaimid na ticéid a cheannach sula dtagann tú chuig an cé.

Is féidir linn glacadh le grúpaí de gach sort, loistín a fháil daoibh agus imeachtaí a éagrú ar an oiléan.

M.V RHUM

Seo í an príomhbhád a bhíonn ag taisteal ó Ailt an Chorráin go hÁrainn Mhór. Is féidir léi sé phaisinéir is nócha a iompar agus feithiclí de gach sórt a ghlacadh. Tá deiceanna taobh amuigh agus taobh istigh aici agus cuireann muid Wi-Fi ar fáil saor in aisce.

M.V COLL

Is deirfúir leis an M.V. Rhum í an M.V. Coll agus is féidir léi sé phaisinéir is nócha a ghlacadh uirthí fósta.

Is féidir an MV COLL a fháil ar cíos agus tá sí in ann freastal a dhéanamh ar gach oileán ar chósta Dhún na nGall.

Spiorad an Loch Súilí

Bíonn Bád Farantóireachta an Súilí in úsáid i rith an tsamhraidh idir Bun Cranncha agus Ráth an Mhuilinn. Is bád “roll-on/roll-off” í agus tá sí ceadaithe céad tríocha duine agus ocht gcarr déag a ghlacadh.

Custaimeirí le Riachtanais Spesialta

Tá muid lán-sásta cuidiú le daoine a bhfuil riachtannais speisialta acu chun an turas a dhéanamh chomh compordach agus chomh héasca agus is féidir. Cuir glaoch ar an oifig ar 0749542233 riomh taisteal má tá aon riachtanais bhreise agat ar cheart dúinn a bheith ar an eolas fúthu.

Samhradh

Tá dhá bhád againn i rith an tsamhraidh, An MV RHUM agus an MV COLL. Fágann siad Ailt an Chorráin gach uair.

Ar fáil

Glacann muid le Cárta Taistil na hÉireann agus an chárta ‘Smart Pass’ ó Thuaisceart na hÉireann.

Cáilithe

Tá an fhoireann láncháilithe agus cloíonn an comhlacht le riachtanais arrachais mara agus riachtanais dhlíthiúla mara. Tá an fhoireann oilte go hiomlán i ngarchabhair agus in úsáid an dífhibrileora.

Arranmore-Ferry-Booking-Office
Arranmore-Island

Welcome to Arranmore Ferry

Download Our App
×
BOOK NOW