FAQs – Ceisteanna Coitianta

Ca fhád a mhaireann an turas báid?

Glacann an turas thart ar fiche nóimead

An bhfuil cead ainmhithe a bheith ar an mbád?

Tá cead ag ainmhithe taisteal gan costas. Tá cead acu a bheith taobh amuigh i rith an turas, ach caithfidh téad a bheith orth u an t-am ar fád.

Cá háit a fhágann mé mo charr in Ailt an Chorráin?

Tá carrchlós soar in aisce in Ailt an Chorráin sula dtagann tú fhád leis an cé.

An féidir liom mo róthar a thabhairt ar an mbád?

Is féidir- níl aon chostas sa bhreis ar róthar.

An nGlacann tú le cárta taistil soar in aisce

Glacann muid le cárta taistil Éireannach agus ‘Smart Pass’ ó Thuaisceart na hÉireann.

Ca fhád ar chóir do phaisinéirí a bheith ag an cé roimh ré?

Ba chóir bheith ann cúig nóiméad roimh an turas.

An bhfuil tacaíoch ar fáil do dhaoine le soghluaisteacht laghdaithe agus riachtanais speisialta?

Tá. Tugaimid tacaíocht ar bith gur féidir linn chun ár seirbhís a dhéanamh chom compordach agus comh héasca agus is féidir.

Conas is féidir áit a chur in áirithe?

Is féidir d’áit a chuir in áirithe ar line, inár oifig nó ar an teileafón 074 9542233.

Chun d’áit a chuir in áirithe, cliceáil an cnáipe “Book Now” agus lean ar aghaidh mar sin. Nó, is féidir leat glaoch a chur ar ár oifig ag 0749542233.

An féidir liom tobac a chaitheamh ar bord?

Níl céad tobad a chaitheamh ar an mbád.

Cén saghas feithilcí an féidir dul ar an mbád?

Tá muid in ann feithiclí de gach saghas a ghlacadh. Déan cinnte go n-insíonn sibh dúinn go díreach cad atá leat, agus cuirfidh muid go leor spás ar leathtaobh. Caithfear gluaisróthair a bheith ceangailte go sabháilte i gcónaí..

An bhfuil WIFI ar an mbád?

Tá muid sásta ará go bhfuil seirbhís WIFI soar in aisce ar an mbád.

Cad a tharlaíonn má chuirtear an bád ar ceall?

Déanann muid achan iarracht seirbhís rialta a chur ar fáil, ach uaireannta nuair atá an fharraige stoirmiúil, caithfidh muid an bád a chuir ar ceall. Tugaimid rogha duit d‘am a athrú nó d’airgead a fháil ar ais.

Conas is féidir an táille a íoc?

Is féidir an táille a íoc le hAirgead crua nó le cárta creidmheasa san Oifig in Ailt an Chorráin

An féidir liom fanacht sa charr agus mé ag dul trasna?

Ní féidir. Tá rialacha curtha i bhfeidhm ag an rialtas nach ligean cead duit fanacht sa charr. Is féidir seasamh taobh amuigh nó suigh taobh istigh.

An bhfuil deic taobh amuigh?

Tá, is féidir leat suigh taobh amuigh agus féachaint ar na radharcanna áille le linn an turas ghearr.  Is minic a fhéiceann tú rónta, éin agus deilfeanna ag snámh in aice leis an bhád.

An bhfuil iascainí ar bith do chusteiméirí rialto?

Is féidir dul i dteagmháil leis an oifig chun iascainí a phlé.

Ca fhád ar chóir duit caitheamh ar an oiléan?

Molann muid thart ar trí uaire a chaitheamh chun an oiléan galánta seo a fheiceáil.

BOOK NOW