Oileán Árainn Mhór

  1. Téigh ar thuras go hÁrainn Mhór agus ar an 400 Oileánach atá lonnaithe anseo go lánaimseartha. Bain taitneamh as an oidhreacht agus an chultúr atá le fáil ar an oileán. Baile de chuid Clann Uí Dhomhnaill fadó. Tá coláiste Gaeilge ar an oileán i rith an tsamhraidh a chuireann go mór le daonra an oileán.
  2. Is í Bád Farantóireachta Árainn Mhór an príomhshéirbhís san Iarthuaisceart. Cuireann muid seirbhís iontaofa laethúil ar fáil dhá mhí dhéag den bhliain.
  3. Tá Árainn Mhór suite trí mhíle amach ó Ailt an Chorráin. Ní ghlacann an turas báid ach cúig nóiméad déag. Is féidir an lá a chaitheamh ag féachaint ar na radharcanna áille agus tú ag tiomáint nó ag súil ar fud na háite.
  4. Is áit bhreá shíochánta é Árainn Mhór, áit a dtógann rianta marcáilte ó na tránna gaineamheacha go dtí n haillte carraigeacha tú. Soláthraíonn siad seo cuid mhór radharcanna áille ón fharraige, na beanna, áirsí farraige agus a lán rudaí eile. Is féidir na sléibhte maorga a fheiceáil ó Cheann Ghlinne go hOileán Thoraigh.
  5. Soláthraíonn an t-uisce glan timpeall an oileáin áiteanna iontacha le haghaidh timadóireachta agus slatiascaireacht mhara. Tá lochanna fíoruisce ar an oileán agus faightear breac iontu fosta. Téigh i dteagmháil lenár n-oifig chun uimhir theagmhála a fháil le haghaidh slatiascaireachta mhara.
  6. Téigh ar shiúlóid go Teach an tSolais, stáisiún an Gharda Cósta nó an post monatóireachta a bhí in úsáid acu le linn an Dara Cogadh Domhanda.
  7. Tháinig leictreachas go dtí an t-oileán i lar na gcaogaidí agus thainig fíoruisce go dtí na tithe i 1973. Tháinig na línte teileafóin go dtí an t-oileán sna hochtóidí agus le déanaí rinneadh uasghrádú orthu chun leathanbhanda a thabhairt go dtí an oileán.

Lóistín

Tá neart lóistín eagsúla le fáil ar Árainn Mhór a oireann do gach buiséad. Na bíodh imní oraibh ceist a chur ar aon duine den fhoireann má tá aon eolas breise ag teastáil uaibh.

Bia agus Deoch

Tá a lán tithe taibhairne agus bialanna deasa ar an oileán.

Seoladh agus Teagmháil

Bád Farantóireacht Árainn Mhór

Cé Ailt an Choráin

Ailt an Chorráin

Co. Dún na nGall

F94 F22K

Fón: +353 74 9542233

 

 

Welcome to Arranmore Ferry

Download Our App
×
BOOK NOW